Ba é Jon Llewellyn Kyl (rugadh 25 Aibreán, 1942, in Oakland, Nebraska) Seanadóir na Stát Aontaithe ó Arizona, 1995–2013. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Aoire an mhionlaigh sa seanad a bhí ann, an dara céim is airde sa pháirtí, agus iad sin san fhreasúra. Sa bhliain 2010, chuir an t-iriseán Time Jon Kyl ar liosta na 100 Duine Is Mó Tionchar Acu.[1] Toghadh go dtí an Seanad sa bhliain 1994 é agus arís sna blianta 2000 agus 2006.
Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht, bhí sé ina dhlíodóir agus ina stocaire le Jennings, Strouss & Salmon i Phoenix, Arizona. D'fhreastail sé i dTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe ó 1987 go 1995. Toghadh go dtí an Seanad é den chéad uair sa bhliain 1994, ag fáil bua ar Samuel G. Coppersmith. Thóg Kyl seasamh an-choimeádach ann. Tá sé ina bhrústocaire anois, cosúil lena lán iar-pholaiteoirí.